Loughanure and some of its history

Loughanure village is situated on the N56, five miles east of Dungloe and five miles west of Gweedore, and is part of the Parish of Annagry. It has a population of 400. It is a Gaeltacht (Irish speaking area) and has an Irish College, Coláiste Mhuire, founded in 1945, which caters for almost a thousand students each year in Irish language classes at Easter, June, July and August.

There is a Lounge/Bar and Restaurant, Casadh an tSúgáin, at the crossroads. There is a supermarket, petrol station and restaurant opposite the ‘Tech’.

The Lake from where the village got its name, (The Lake of the Yew Tree or Loch an Iúir as Gaeilge) attracts many visitors each year to fish for brown trout, sea trout and salmon. Boats are available for hire from the local angling club.

Tá Loch an Iúir suite ar an N56 idir An Clochan Liath agus Gaoth Dobhair agus tá sé mar pháirt de Pharóiste Anagaire. Tá daonra de thart fá ceithre chéad ina gcónaí ann. Ceantair Gaeltachta atá ann agus tá coláiste samhraidh, Coláiste Mhuire, a bunaíodh in 1945, ag rachtaíl ranganna Gaeilge ag an Cáisc, agus i Mí Meithimh, Iúil, agus Lúnasa. Tig beagnach míle dalta ar na cúrsaí seo gach bliain.

Fuair an baile a ainm ón crann Úir atá ag fás ar an Oileán Úir ar an loch a mheallann mórán turasóirí na háite gach bliain ag iascaireacht bric donn, bric geala agus bradán. Tá bádaí le fáil ar chíos réasúnta on Choiste Iascaireachta.

 

Coláiste Mhuire

Dá réir miontuairisc cruinniú an Choiste Gairm Oideachas Dhún na nGall i mí Aibreán 1945, rinne an tUasal Pádraig Mac Conmide iarrchtas ar son Comhaltas Uladh, le úsáid an Cheard Scoil i Loch an Iúir a fháil le coláiste Gaeilge a rachtaíl on 16ú lá Iúil go dtí an 10ú lá Lúnasa 1945:

‘Bheidh úsáid a bhaint as do cheithre scór dalta, go mór mhór as ceantar Ard Mhacha agus bheidh sé faoi choimirce Comhaltas Uladh, faoi stiúir An tUasal Pádraig Ó hÁdhmaill (Paddy Bán), Sráid Iona, Ard Mhacha, le trí mhúinteoir áitiúil as ceantar Loch an Iúir mar chúntóirí . Thugfáidh miona nach ndéanfaidh damáiste ar bith den fhoirgneamh. Thug an Príomh Aidhmeannach( An tUasal O’Neill) le fios gur scríobh sé ag an tUasal MacConmide ag tabhairt le fios do nach raibh na ranganna críochnaithe san Ceard Scoil go dtí deireadh mí Iúil agus go raibh sé de gnáth ansin taispeántas a bheith sa scoil de oibreacha na ndaltaí i rith na bliana, agus de bhrí sin, ní bheadh an Ceard Scoil ar fáil ag an am a bhí luaite. Dúirt sé gur scairt an tAthair Marron S.C. Bun Domhrain leis agus gur chuir sé na luí ar go raibh sé iontach i bhfach, an Ceard Scoil bheith le fáil, fiú ag dáta níos moille.


 Bhfuil is agat ar aon duine anseo?

Cúrsa mí Lúnasa 1958 i gColáiste Mhuire Loch an Iúir

Mholl Daniel E. O’Boyle le cuidiú ó An Dr. Molloy agus tógadh de aon ghuth:

1. An scoil a chuir ar fáil an chéad seachtain de mhí Lúnasa agus den chuid eile den mhí.

2. Go dtabharfaidh ‘leid’ gur cheart ‘honorarium by the Gaelic League Authorities’ a thabhairt den mhaor de bharr na hoibreacha breise a bheadh le déanamh aige.

3. Go dtabharfaidh le fios den comhaltacht árachas fan socrú.

Is mar sin a cuireadh tús ar Choláiste Mhuire i Loch an Iúir a chuaigh ó neart go neart thar na mblianta agus atá ag cuir cúrsaí ar fáil inniu do suas le míle dhalta ar feadh na bliana, ag an Cháisc agus i mí Meitheamh, Iúil agus Lúnasa.

Is iomaí duine mór le rá a d’fhreastail ar cúrsa samhraidh i Loch an Iúir thar na mblianta mar atá le feiceáil sa grianghraf seo a chuir An tAthair Seán Ó Cleircín ar fáil dúinn. Bhí an tAthair Ó Cleircin ina Shéiplíneach ar an Choláiste i ndearadh na caogaide agus is le meas mór atá cuimhne ag bunadh an bhaile air go dtí an lá atá inniu ann. Ar an droch uair, tá duine nó dhó nach bhfuil muid ábalta ainm a chuir ortha de bharr passaid ama. Má tá fhios agat cé h-iad, dean teagmháil linn agus cuir ar an eolais muid, más é do thoill é.

Séiplíneacha mór le rá eile a bhí i Loch an Iúir thar na mblianta nó An tAthair Ó Muilleagain (níos moille Easpag) An tAthair Ó Dubhaigh (níos moille Easpag)agus ar ndóigh An tAthair Ó Fiach (níos moille Cairdeanalach) An tAthair Ó Dunshleibhe(Livingstone). An tAthair Marron, An tAthair Shields, An tAthair Bartley agus mórán eile.

Ma tá grianghraf agat de chúrsaí ar bith thar na blianta, no cuimhne cinn ar maith leat a roinnt linn, beidh muid sásta amharc ar agus a chuir ar an suíomh seo.